
Aistritheoirí cáilithe, atá ag obair ina dteangacha dúchais
I gcás gníomhaireacht aistriúcháin mhaith, braitheann an rath a bhíonn uirthi ar chaighdeán a cuid aistritheoirí. Is saineolaithe teanga, atá cáilithe go gairmiúil agus ar é an sprioctheanga a dteanga dúchais, iad ár gcuid aistritheoirí i gcónaí. Roghnaítear iad ar bhonn a gcuid taithí agus a gcuid saineolais i réimsí speisialaithe éagsúla. Lenár ndianphróiseas roghnúcháin, cinntítear go mbíonn na seirbhísí a chuirimid ar fáil de réir an chaighdeáin a bhfuil súil agat leis.

Cuid de na custaiméirí a rabhamar ag obair leo tríd na blianta
Microsoft • Atlas Copco • Metro Nordic • Fuji Autotech • Alstom • Geo Group • Nextron • Bioptech • AON Hewitt • Odd Molly • Skanska • Miele • Aerotec • Symantec • Skånemejerier • Loquax • Veritas • Aerfast • Eriksen • Quicksilver • Verbatim • Meca-Trade • Pharma-EU • Jilsén System • Profile Media • Omnia Läkemedel • Talk Finance • Unicon Products • Rica Hotels
10%
an lascaine do chliant nua
100%
an leibhéal sástachta custaiméirí a ráthaítear
100%
ghníomhaireacht aistriúcháin amháin
Is é ár gcuspóir a bheith inár rogha páirtí aistriúcháin agat

Bunaíodh an chuideachta ar a dtugtar CE anois in 1999 agus é mar chuspóir aici seirbhísí aistriúcháin a thairiscint atá tapa, iontaofa agus inrochtana go héasca. Is é mana ár ngníomhaireacht aistriúcháin ná aistriúcháin ard-chaighdeáin a sholáthar go tapa. Tá a fhios againn an tábhacht a bhaineann le cúrsaí ama i gcás gnólachtaí; d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann de bharr moille cúpla nóiméad. Dá bhrí sin, geallann CE aistriúcháin den scoth a sholáthar in am agus ar phraghas réasúnta.
Agus CE mar pháirtí aistriúcháin agat, ní gá go ndéanfadh amanna seachadta, caighdeán, ná íocaíochtaí buairt duit. Cuirimid aistriúcháin den scoth ar fáil do réimse mór tionscal, gan ár gcuid custaiméirí a chrá le maorlathas, páipéarachas, am amú, ná praghsanna iomarcacha.
Déanaimid iarracht i gcónaí an caighdeán is airde a bhaint amach, agus gach tionscadal a chur in oiriúint do riachtanais an chustaiméara aonair. Mar gheall ar an tiomantas atá againn do theangacha agus don cháilíocht, mar aon lenár seirbhís thar barr do chustaiméirí, is muid an rogha is fearr maidir le do chuid riachtanas aistriúcháin ar fad.
Nuair a bheidh tú ag obair linn, is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú aistriúcháin atá iomlán ceart, a sheachadfar roimh do spriocdháta, agus iad laistigh den bhuiséad a comhaontaíodh. Rathaímid go mbeidh tú 100% sásta le gach tionscadal a chuirfidh tú de chúram orainn lena chur i gcrích.
Tá sé chomh simplí le 1-2-3!
COMHLÁNAIGH AN FHOIRM AR DHEIS AGUS SEOL CHUGAINN Í
GHEOBHAIDH TÚ LUACHAN SAOR IN AISCE INA LUAFAR PRAGHAS AGUS DÁTA SEACHADTA
CUIRFIMID I gCRÍCH AN PÍOSA OIBRE AGUS DÉANFAR É A SHEACHADADH IN AM
Teagmháil

CE
Frejgatan 13
114 79 Stockholm
An tSualainn
+46 8 55 11 07 00
info@ce.se